• English
  • Gaeilge

Ráiteas Príobháideachais

Tá an fhoirm chlárúcháin seo á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM) trí mheán SurveyMonkey, córas tríú páirtí. Beidh aon eolas pearsanta a chuireann tú ar fáil mar chuid den fhoirm chlárúcháin seo á stóráil agus á phróiseáil ag SurveyMonkey ar feadh tréimhse ghairid. Tá cóip d’Fhógra Príobháideachais agus Fianáin SurveyMonkey le fáil ag bun an leathanaigh ar chlé.
Is ionann do rannpháirtíocht tríd an fhoirm chlárúcháin seo a líonadh agus cead d’eolas a aistriú ón SurveyMonkey chuig Oireachtas na Gaeilge agus an RTCEGSM.
Deimhnítear leis seo go mbeidh aon sonraí pearsanta a thugtar á n-úsáid i gcomhréir le riachtanais an Achta um Chosaint Sonraí 2018 agus go n-úsáidfear iad chun críche Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí amháin.
Dar ndóigh, is féidir iarraidh ar Oireachtas na Gaeilge do chuid sonraí pearsanta, agus iad tugtha, a scrios ag aon am trí rphost a sheoladh chuig eolas@greasangaeilge.ie.
 

T