Réamhrá

Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh sa cheistneoir seo.
 
Tá Comhairle Contae Uíbh Fhailí i mbun Straitéis Ealaíon nua cúig bliana a ullmhú d'Uíbh Fhailí (2023 go 2028) agus tá cuireadh oscailte á eisiúint ag an Oifig Ealaíon do dhaoine teacht chun cinn lena gcuid smaointe, tuairimí agus ábhair imní.
 
 
Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag na healaíona in Uíbh Fhailí trí shaol na straitéise ealaíon roimhe seo (2018-2022). Tá féilte nua againn, eagraíochtaí ealaíon nua, agus méadú ar líon agus ar infheictheacht na n-ealaíontóirí atá ina gcónaí agus ag obair sa chontae. Le chéile, tá dúshraith láidir tógtha againn do na healaíona agus d'ealaíontóirí chun tuilleadh forbartha arís a dhéanamh.
 
Tá an ceistneoir seo mar chuid dár n-iarrachtaí eolas, smaointe agus léargais a bhailiú; tuiscint a fháil ar thionchar an mhéid atá bainte amach againn trínár bpleananna roimhe seo, tógáil ar ár n-éachtaí agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i mbeartas, cleachtas agus soláthar. Tá do chuid smaointe, tuairimí agus eispéireas riachtanach chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar sholáthar ealaíon Uíbh Fhailí agus ar an gcaoi ar féidir le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Uíbh Fhailí leanúint ar aghaidh ag tacú le d'eispéiris agus iad a fheabhsú. Cabhróidh do fhreagraí le cruth a chur ar chláir, tionscadail agus imeachtaí ealaíon amach anseo.
 
 
Freagair na 16 cheist seo a leanas, níor chóir go dtógfadh sé níos mó ná 15 nóiméad le comhlánú. Agus ná bíodh leisce ort aighneacht scríofa níos mionsonraithe a dhéanamh.
 
Go raibh maith agat as an am a ghlacadh leis seo a chomhlánú.

Dúnfar an suirbhé seo ar an 8 Samhain 2023.

T