Screen Reader Mode Icon
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe, cuireadh do dhaoine faoi mhíchumas (nó a gCúramóirí/daoine muinteartha/Eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann) páirt a ghlacadh sa suirbhé chun cúnamh a thabhairt dúinn na bunfhadhbanna agus na príomhthosaíochtaí a aithint chun do rannpháirtíocht sa saol pobail a fheabhsú. 
 
Tugtar aitheantas in Airteagal 30 de UNCRPD (Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas) don cheart atá ag daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach ar bhonn comhionann le daoine eile i ngníomhaíochtaí cultúir, caithimh aimsire, fóillíochta agus spóirt.   Léiríonn na sonraí Daonáirimh is déanaí ó 2016 go bhfuil ar a laghad míchumas amháin ar 13% de dhaonra Chontae na Gaillimhe, nó 22,523 duine, agus tuairiscítear na príomhchineálacha míchumais mar seo a leanas:
·       10,372 a bhfuil deacracht acu le bunghníomhaíochtaí coirp
·       9,702 a bhfuil deacracht acu le pian, análú, nó tinneas/fadhb shláinte eile
·       5,676 a bhfuil deacracht foghlama acu
·       4,004 a bhfuil fadhb mheabhairshláinte acu
·       3,859 a bhfuil Bodhaire nó lagú éisteachta tromchúiseach ag dul dóibh
·       2,346 a bhfuil míchumas intleachtúil orthu
·       1,917 a bhfuil Daille nó lagú radhairc tromchúiseach ag dul dóibh
 
Léiríonn na staitisticí go mbeidh riachtanais éagsúla ann i ndáil le rochtain a fháil ar ghnáthghníomhaíochtaí agus sainghníomhaíochtaí míchumais pobail agus is é aidhm  an tsuirbhé seo faisnéis a ghabháil maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí reatha chomh maith le cúnamh a thabhairt dúinn na réimsí gur gá aird a thabhairt orthu agus smaoineamh orthu a aimsiú trí scéimeanna maoinithe amhail an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas, atá dírithe go sonrach ar thacaíocht a thabhairt do Dhaoine faoi Mhíchumas a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí áitiúla.   
 
Déanaimid a mhéid rannpháirtíochta agus is féidir a spreagadh chun an fhaisnéis a ghabhtar sa suirbhé seo a dhéanamh chomh fiúntach agus chomh úsáideach agus is féidir agus gabhaimid buíochas leat roimh ré as ucht do rannpháirtíochta.
MAIDIR LEATSA:

Question Title

* 1. Cén aois thú (nó an duine a bhfuil tú ag comhlánú an tsuirbhé ar a shon)?

Question Title

* 2. Cén inscne thú?

Question Title

* 3. Cad é an príomhmhíchumas atá ort a mbíonn tionchar aige ar an mbealach a mbíonn tú rannpháirteach i ngníomhaíochtaí pobail?

Question Title

* 4. Cad é an baile/an sráidbhaile is cóngaraí duit i gCo.na Gaillimhe ina bhfuil rochtain agat de ghnáth ar ghníomhaíochtaí pobail?

RANNPHÁIRTÍOCHT I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ POBAIL:

Question Title

* 5. Cé acu de na cineálacha gníomhaíochtaí pobail seo a leanas a nglacann tú páirt iontu faoi láthair?

Question Title

* 6. Maidir le gníomhaíochtaí pobail eile ar mhaith leat páirt a ghlacadh iontu, cé acu seo is tábhachtaí duit (tabhair rangú 1 don cheann is tábhachtaí go dtí 5 don cheann is lú tábhachta)

Question Title

* 7. Tabhair sonraí le do thoil maidir leis an gcineál gníomhaíochta go sonrach a bheadh i gceist, e.g., ainm an chláir nó na gníomhaíochta, cén áit a d’fhéadfaí é a chur ar siúl, cé a d'eagródh é, etc.

TAITNEAMHACHTAÍ AGUS SAORÁIDÍ POBAIL:

Question Title

* 8. Conas mar a mheasfá an rochtain fhisiciúil atá agat ar na háiseanna a leanas?

  An-Dona Go Dona Measartha/Neodrach Go Maith An-Mhaith
Conairí agus Glasbhealaí 
Páirceanna Poiblí 
Tránna
Uiscebhealaí
Páirc Spraoi  
Leabharlann
Ionad Pobail
Spásanna Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas 

Question Title

* 9. Céard iad na príomhbhaic a bhíonn ort rochtain fhisiciúil a fháil ar na saoráidí thuasluaite agus céard iad na feabhsúcháin ar mhaith leat a fheiceáil?

Question Title

* 10. Maidir le taitneamhachtaí agus saoirí poiblí ar mhaith leat rochtain a bheith agat orthu, an féidir leat iad a rangú de réir chomh tábhachtach is atá siad duitse? (tabhair rangú 1 don cheann is tábhachtaí go dtí 8 don cheann is lú tábhachta)

Question Title

* 11. Dá gcuirfí Saoráid ina bhfuil Leithris agus Áiteanna Gléasta (saoráid ina mbeadh leithris inrochtana le trealamh breise amhail ardaitheoir, binse athraithe, etc.) ar fáil i gCo.na Gaillimhe, cén cineál saoráide nó áit a mbeifeá ag iarraidh go gcuirfí ar fáil ann é?

Question Title

* 12. An mbeadh tú sásta páirt a ghlacadh in Iniúchadh Insiúltachta ar do bhaile/do shráidbhaile áitiúil chun feabhsúcháin i dtaobh inrochtaineachta a aithint?

EOLAS AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ POBAIL:

Question Title

* 13. Cén áit a gcloiseann tú faoi ghníomhaíochtaí agus imeachtaí áitiúla?

Question Title

* 14. Cén chaoi a bhféadfaí eolas a chur ar fáil faoi ghníomhaíochtaí pobail do Dhaoine faoi Mhíchumas agus cén áit a bhféadfaí an t-eolas sin a chur le go mbeadh sé níos inrochtana?

Question Title

* 15. Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh inár suirbhé - úsáid an spás thíos chun aon aiseolas nó tuairimí eile atá agat a thabhairt.

0 of 15 answered
 

T