1. Fáilte

Is údar áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh sa chéad chéim den chomhairliúchán maidir leis an tionscadal nua,

Tionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire.

Is deis iontach atá i dTionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire na spásanna glasa éagsúla atá ar fud na Rinne Móire a athshamhlú agus a nascadh. Samhlaítear go gcruthófar spásanna glasa inrochtana, idirnasctha, poiblí leis an tionscadal seo, ina gcuirfear plandaí a thacóidh leis an mbithéagsúlacht agus lena dtógfar cosáin a bheidh oiriúnach do dhaoine aosta agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, chomh maith le spásanna súgartha agus scíthe.

Díríonn an tionscadal ar thrí phríomhcheantar:
  • An Rinn Mhór
  • Baile an Locháin
  • Loch an tSáile
Mar chuid den phróiseas deartha luath, tá muid ag iarraidh dul i dteagmháil leis an bpobal áitiúil chun tuiscint a fháil ar na feabhsúcháin ar mhaith leat a fheiceáil sna limistéir sin. Cuirfear réamhroghanna dearaidh i dtoll a chéile ag úsáid na bhfreagraí a gheofar ón gcéad suirbhé comhairliúcháin le haghaidh tuilleadh comhairliúchán poiblí i lár na bliana 2025.

Cuideoidh tuairimí an phobail linn todhchaí an cheantair a mhúnlú lena chinntiú go bhfreastalófar ar riachtanais an phobail áitiúil anois agus sna blianta atá amach romhainn.

Beidh an suirbhé oscailte ó Déardaoin an 16 Eanáir go dtí Déardaoin an 27 Feabhra.

Níor cheart go dtógfadh sé níos faide ná 5 nóiméad an suirbhé a líonadh amach. Tabhair ar aird go bhfuil spás fágtha ag deireadh an tsuirbhé do thuairimí eile/ginearálta.

Is féidir leat an suirbhé a líonadh amach ar líne nó, mar mhalairt air sin, d’fhéadfá é a chló agus do chuid freagraí suirbhé a seoladh ar an bpost chuig:

An Rannóg Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8

Má bhíonn aon fhadhb agat an suirbhé a líonadh amach is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig info@RenmorePark.com.
Page1 / 5
 
20% of survey complete.

T